firstLine"; ?>

999. Fulang annroidh adhbhar soidh $
Length: long 44qq
Certainty: 1
Period:
  1. 14th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. inauguration mp ?
Manuscripts:
  1. Bodl. Rawl.B 514 O’Donn. poems 16th c
  2. Bruss.Bib.roy.6131-33 Bk O’D’s dau 17c
  3. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  4. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
Prints:
  1. text Ir. Texts ii, 25
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. prowess in battle
  3. caithreim
  4. ‘house-burning’
  5. spartan life of warriors
  6. inauguration ?
  7. place-names for ornamental effect ?
  8. importation of wine in ships
  9. outlawry ?
  10. ‘sed fine’ crown jewels
Poet Christian Names:
  1. Ruaidhri Ruadh (Rawl. B 514, Bruss6131-
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach mcNeill [&mcDuibheCob
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1423
Apologue Subclasses:
  1. Nuadha Necht kills Eidirsceoil Mor
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Fulang annró adhbhar sóidh


[Fraser, J. and O’Keeffe, J. G.: ‘Poems on the O’Donnells (1200 to 1600)’, Irish Texts ii (ed. Fraser, J. et al., London, 1931), poem 6; from Rawlinson B 514]


On Toirdelbach an fhíona Ua Domhnaill king of Tír Conaill, † 1423


Ruaidhrí Ruadh Ó hUiginn .cc.


1 Fulang annróidh adbhar soidh

fadhla ar tús as tuar fledhoil

ass e as túr anóra ann

rún an ansodha d’fhulang.


2 Grad fagla 7 fuath do shith

múnadh gach adbair ardrigh

fulang trell a ndocracht dó

as ferr d’fhortacht an annró.


3 Mad úathad do a ndeilb fhagla

dleaghar suil re sodamhna

gé beith seal étresi air

fedh na cedreisi cocaidh.


4 Gach triath a tós a bethad

sa adbhar acht d’aithnechad

radóigh dleghair asa dhail

a ndeagaid anshoidh d’fhagail.


5 Suil Goidel red ghruaid ndelbaig

nir tercaide a Thoirrdelbaig

tú mar glendtaide ód gael fein

a taeb seabcaidhe soilléir.


6 A Í Domnaill dergas ga

ni terc a trath na fogla

fer dot shlogh a nglacuib glenn

nach facaidh ól ná aifrend.


7 Do batar ga brad budh mo

ag fulang fhuachta is annró

mar faelchona ó coill do coill

bar laechrada ó Cloinn Conaill.


8 Nír cuiredh a ciab ralacc

re himad bar n-escarud

a n-uthair aighne tar ais

do bruchaib daingne a nduthc[h]ais.


9 Selad duit ar dithruib Luirg

seal fada ar fedhaib Míbhuilc

seal ar coillid buic Bernais

duid ac toillimh tighernais.


10 La a nDrobhais dod dreich mar suibh

as lá ar coilltib Cinn Madhair

la ag gabail a nGlinn Fhinne

a branáin fhinn fhidhcille.


11 Tuc Dia nocha dal leathrom

lór a aibne d’eneclann

ni mibreth dot mhalaig nduib

na agaidh minlech Murbuig.


12 Tuc duid a drecain Gaela

Ess Ruadh is Sid senAedha

as Oilech an airdtreb fhinn

nach caillter oinech Erenn.


13 Dailfider dot dreich mar shuib

os cuan long a laib samraid

elta fhínderg cuach corcra

luach do diberg ndublochta.


14 Do sheal annró a fholt cladhuch

d’fhín as d’édach iubalach

a fiú a meic ar Neillne a-nois

ar chreic na hErne fhuarais.


15 Gnath do-geibther a toradh

cosmail sa tend tarrubar

aisling agus í granna

a ri farrsing Findtrágha.


16 Le siubal oidhche bfhuar bfhliuch

fuaruis righe a run feithmech

na hoidhce garba gemrid

roinnfe a tarba a Thoirrdhelbaig.


17 Le gnim oidhce a urla tais

mor ndamna fhuair at fhécmais

cena an duthchusa bu-déin

múchfusa cena a caithreim.


18 San oidhe do fhuair a ghuin

Edirscel mór mac Eogain

do laim Nuadhaid naraidh Necht

luaghail da tárruidh tresecht.


19 Eirgheis soir ger turus tend

a Laignibh do lot Erend

Nuadha fa neimhnidhe am gha

ceinnbili buadha Banba.


20 Ni faghtaí fiurlaid Erenn

Nuadha is nosmhar caithremenn

re linn a fhogla oidhce

comdha a cill na comairce.


21 Do lecthí nir luaighill ghar

fa cuiced Cloinne Decchadh

nir deighbeatha Banba a mbroid

faghla nemhnecha Nuadhoid.


22 Eidirscel ar aba sin

tinoilter leis a Laighnib

fan Magh Laignechsin do ling

gar d’ainmhesnigh a n-indtind.


23 Fa buaidh do bidh o gach cath

mac Eogain na n-arm faebrach

cus an ceim rochalma rucc

a fen natharda Nuadhud.


24 Gleo don Muimnech mana teinn

tecor ar techt co hAillinn

ac Nuadhaid ger doirche do

ruadhaid san oidce a n-armo.


25 A dorchair gé dimbáidh sin

ri Erenn con fhen Laighnigh

nach doilig sin ge senscel

oidhidh fhir mar Eidirscél.


26 Ceim eli a indamail sin

fúd a codhnaich Clann Dalaig

rucais as an reo doirche

tucais gleo sa gemhoidhce.


27 Do-rindis a ri Feimhin

don fhoslongport éntenidh

soillsi a ri sa longport lé

dobi an dorchacht an duibhre.


28 As de torchair ’na tír féin

Ó Domnaill dana an caithreim

h’imbualad ar techt on troid

inNuadhan Necht re a námhuid.


29 Ar mair dib dírech an breth

sa maidin arna mairech

an lucht or hinnarbad ibh

indarbthar a hucht Oiligh.


30 An cocadh suaichnid siublach

do-rinde tú ad Toirrdiulbach

ata a-nocht ger dograing duit

O Domnaill ort na éruic.


31 A mhed do fhúarais d’ecin

a mbert gasta goirmédidh

do-beir a écne o Áth Luain

cách gan ecne gan anbhuain.


32 Fa dornchar ndéd a drech bocc

do lamh des ac díth námhod

fath a luidhe do lama

cuiri a trath na tecmhála.


33 Do mér seda a súainemh gha

a n-am curtha na cliac[h]tha

sen da fuil a fainne oir

a tuir Gaille an mer medoin


34 Tuc do glun a geg Temra

can toirnem ré tigerna

a roimhince red glun ngel

a thoirindte ar cul caillshleg.


35 A gnas do-gabhais fád cenn

feilm cruadha sa cru gérrend

fath an minn righ dot rochtain

do din do chinn chumochtaich.


30 Is é as beatha dúthaig duit

a I Domnaill Duin Cormaic

dul isa ghleo a drechaig duinn

bethaid an eó ar an abhainn.


37 Gid inmain le fiadhach fiod

mó aithnidhther ar h’aicnid,

a lámh gan oba ar irghail

grad na troda a Toirrdelbaig.


38 Sandtaighe iná saithe bech

do techt moctrath ar minlech

do ghruad tibrechsa ara túr

an uair imresna d’fhadúdh.


39 A chroide as caithmighe a curp

a leomain buidhe ar beodhucht

a dam sidhe a caemchru Cuinn

a fhaelchú criche Conuill.


40 A slat pailme ó Phurt Erne

a eó ar nInnse Saimherne

a glun cromthair fa crú ga

a cú confaid na cliathc[h]a.


41 A illdánaidh Essa Rúaid

a aithghin Con ón Craebruaidh

a imechtraid coir na cath

a imertaidh oir Ulltach.


42 A Ardain a Aindli garb

a shódh folmaighte fíncharb

a róNaisi a chraeb fa cnoibh

a maer foraísi fássoig.


43 A aicnedh farsaing feithmech

a eoin nertmair nuabeithrech

a degfhir as cruaidhe a cath

a Guaire enigh Ulltach.


44 A Thoirrdelbaig nar theith guin

a deghmeic Duibe Coblaigh

do dimdha a derc mongdonn mhall

terc da foghnann a fulang. Fulang.